Wholeschool Portal | Home 23 June 2017

Líofa

Buaiteoirí Chorn Uí Mhuirí - Bunscoil an tSléibhe Dhuibh

This year’s annual Irish Medium schools football tournament, the Liam Murray Cup has proven to be the most successful in the tournaments history. The tournament has been growing from strength to strength in recent years as the participants have increased beyond Belfast, from Gaelscoil Ghleann Darach in Crumlin to as far north as Ballycastle (Scoil an Chaistil). Coláiste Feirste school along with the Gaeltacht Quarter team Laochra Loch Lao have been helping the tournament grow and develop over the last few years. In a repeat of last year’s final, Bunscoil an tSléibhe Dhuibh won a well fought battle against defending champions Bunscoil Phobal Feirste. A massive congratulations to Gaelscoil an Lonnáin who won Sciath Laochra Loch Lao and to Bunscoil Phobal Feirste on winning Pláta Choláiste Feirste.



Thit Comórtas Bliantúil na nGaelscoileanna amach ar Pháirc Rosa agus Naomh Pól, Déardaoin 25/04/13. Tá an comórtas ag dul ó neart go neart gach uile bhliain ach is cinnte gurb í seo an bhliain is rathúla i stair an chomórtais. Chomh maith le bunscoileanna Bhéal Feirste, ghlac Gaelscoil Ghleann Darach agus Scoil an Chaistil páirt sa chomórtas. Thacaigh Coláiste Feirste agus Laochra Loch Lao le fás agus forbairt an chomórtais le roinnt mhaith blianta anuas ach caithfear buíochas mór a ghabháil leis na múinteoirí bunscoileanna a chuidíonn le reáchtáil agus rath an chomórtais bliain i ndiaidh na bliana.

Bhí ocht bhfoireann déag san iomaíocht leis an chorn, sciath agus pláta a bhuachan i mbliana agus bhí ard-chaighdeán peile á himirt acu go léir i rith an lae. Ar bharr Chorn Liam Uí Mhuirí, bhí deiseanna chun Sciath Laochra Loch Lao agus Pláta Choláiste Feirste a bhaint. Ní coirn agus boinn amháin a bhí le glacadh ar ais chun na scoile, ach bhí faill ann do bhuaiteoirí Fhéile Peile na nGaelscoileanna a dhul go Comórtas Peile na Gaeltachta i dTír Chonaill ar son na scoile s’acu. Reachtaítear an comórtas Gaeltachta le Gael Linn, a aithníonn fás suntasach Fhéile Peile na nGaelscoileanna.



I dtosach na maidine, imríodh scoth na peile agus an dá pháirc dubh le Gaeil óga ag cur chun cinn na Gaeilge mar aon leis an pheil iontach. Ar an drochuair, áfach, ní raibh ach foireann amháin a dtiocfadh leofa Corn Liam Uí Mhuirí a bhuachan. I ndiaidh cluiche corraitheach ceannais, d’éirigh le Bunscoil an tSléibhe Dhuibh an bua a bheith acu agus an chéad uair daofa Corn Liam Uí Mhuirí a bhaint. Is léir go bhfuil neart dul chun cinn déanta acu ó bhí anuraidh ann, nuair a chaill siad sa chluiche ceannais in éadán Bhunscoil Phobal Feirste. Bhain lucht Bhaile Uí Mhurchú díoltas amach ar mhuintir Bhóthar Seoighe leis an bhua sin i mbliana, áfach.

Cé gur chaill Bunscoil Phobal Feirste i gcluiche ceannais Chorn Uí Mhuirí, bhí bua ag an fhoireann eile s’acu sa phláta. Cluiche eile den chéad scoth a bhí ann ach sa deireadh thiar thall; d’éirigh le Bunscoil Phobail Feirste, Pláta Choláiste Feirste a bhuachan, ach bhí an-drochádh ar Bhunscoil Bheann Mhadagáin. I gcluiche ceannais na scéithe, tháinig le Gaelscoil an Lonnáin an bua a bheith acu tar éis cluiche an-chóngarach a bhaint i gcoinne Scoil an Droichid. Chiallaigh sin, gurbh é Sciath Loch Lao an chéad chorn peile dar bhain Gaelscoil an Lonnáin riamh. Éacht ar féidir leofa a thógáil air, don bhliain seo chugainn.



Ag deireadh an lae, bronnadh léine speisialta ar shárimreoirí an chomórtais. Forbairt eile don chomórtas, go dtiocfadh léine in ómós Liam a bhronnadh ar dhalta gach bunscoile. Ar chúl na léinte, tá suaitheantas gach bunscoile i dteannta le suaitheantas Laochra Loch Lao agus Choláiste Feirste. Anuas air sin, tá suaitheantas Aontroma agus uimhir 3 (Uimhir Liam) le feiceáil chun tosaigh uirthi. Dhear daltaí ealaíne Choláiste Feirste na léinte thar a bheith gleoite sin, chomh maith leis an mhaoiniú a chur ar fáil i ndiaidh rath na foirne sinsearaí anuraidh i gCraobhchomórtas Peile na hÉireann. Roghnaíodh na sárimreoirí bunaithe ar cheannaireacht, obair foirne, imirt chothrom agus úsáid na Gaeilge ar an pháirc. Seo iad a leanas:

Danann Mc Keogh (Bunscoil Phobal Feirste)
Caoimhe Finucane (Gaelscoil Éanna)
Rian Mc Shane (Bunscoil an tSléibhe Dhuibh)
Oisín Crawford (Gaelscoil na bhFál)
Ceará Mc Mullan (Bunscoil Phobal Feirste)
Owen Arthurs (Gaelscoil an Lonnáin)
Micheal Blaney (Gaelscoil Ghleann Darach)
Seamus Mac Amhlaidh (Scoil an Chaistil)
Dáire Ó Hare (Bunscoil Mhic Reachtáin)
Fiontán Tolan (Scoil na Fuiseoige)
Laochra Montgomery (Scoil an Droichid)
Odhrán Mac Randles (Bunscoil Bheann Mhadagáin)
Megan Cunningham (Gaelscoil na Móna)
Carol Brown (Gaelscoil na bhFál)



Ag bronnadh na nduaiseanna, bhí Eoghan Ó Néill agus Caitlín Nic Aoidh, beirt iardhaltaí de chuid Choláiste Feirste chun boinn agus coirn a bhronnadh ar na Gaeil óga. Is gá buíochas ollmhór a ghabháil le Bernie, Amy agus Liam, (Clann Uí Mhuirí) a bhronn boinn agus Corn Uí Mhuirí ar dhaltaí Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh! Maith sibh ar fad, a Ghaela!


Brúigh anseo agus ar 'Corn Uí Mhuirí 2013' le níos mó grianghraf a fháil!