Wholeschool Portal | Home 23 June 2017

Líofa

Cónall Ó Corra: Buaiteoir i gComórtas ABAIR

Cónall Ó Corra won first place in the Béal Feirste round of the public speaking competition Abair which is organised by Gael Linn. All participants at the competition, held in St Mary’s, were of a high standard and we congratulate Cónall on his great achievement. Maith thú, a Chónaill, and best of luck in the Ulster round!

D’éirigh le Cónall Ó Corra an chéad áit a bhaint amach i mbabhta Bhéal Feirste de chomórtas Abair, comórtas caint poiblí, a bhíonn á reáchtáil ag Gael Linn. Bhí ardchaighdeán ar fad ag na hiomaitheoirí uilig a ghlac páirt i Scoil Mhuire na mBráithre agus molann muid Cónall go mór as a chuid oibre agus as éacht iontach a dhéanamh. Comhghairdeas leat, a Chónaill agus guíonn muid gach rath ort i mbabhta Uladh!  

Seo chugaibh óráid Chónaill:



A chathaoirligh, a mholtóirí, a lucht éisteachta, a chairde Gaeil.

Is deas liom a bheith os bhur gcomhair inniu agus an Ghaeilge mhilis shaibhir a chluinstin as na hiomaitheoirí ar fad. Cuireann sé lúcháir orm a bheith ábalta teacht anseo agus bualadh le Gaeil óga an Tuaiscirt. Agus nach deas a bheith saor ón scoil ar feadh lae?

Ach i bhfírinne, a chairde, is é ábhar mo chuid cainte inniu – An Ghaeilge agus cultúr na hÉireann. Dírím bhur n-aird ar léarscáil na hÉireann anseo agamsa. Amharcaimis ar na ceantair Ghaeltachta agus na háiteanna ina bhfuil siad lonnaithe. Ní féidir a shéanadh go bhfuil patrún le sonrú anseo. Tá siad i gcuid de na háiteanna is iargúlta, is gairbhe, in Éirinn. Ar an drochuair, a chairde, is amhlaidh gurb é brú an Béarla agus an cultúr Gallda ón Oirthear ár dteanga álainn go coirnéil na tíre. Agus ar a bharr sin, cad é atá ar an taobh eile? An t-ollchultúr sin ar a dtugtar Meiriceánú. Ní nach ionadh go bhfuil ár dteanga faoi bhrú an Bhéarla agus an domhandaithe nuair atá sí sáite idir an dá ollchumhacht sin, Meiriceá agus Sasana.

Lena chois sin, ní amháin go bhfuil an Ghaeilge brúite go himeall na tíre, is cosúil go bhfuil an Béarla ag déanamh éigniú ar Ghaeilge nadúrtha an chainteora dúchais. Nár chuala muid uilig go léir i gcaint laethúil na Gaeltachta píosaí ar nós – “Tá mé flat out”, “Stad den mhess-áil sin”, “Tá mé ag hoover-áil anois” nó an ceann is fearr liomsa – “Ná tar isteach!! Tá mé ar an toilet”!!!!

Is minic fosta agus mé sa Ghaeltacht gur Béarla a bhí á labhairt ag muintir na háite liom. Níl mise ag cáineadh mhuintir na Gaeltachta ar chor ar bith. I ndeireadh na dála, is ansin a fhaightear an teanga is fearr agus is deise sa tír.


Ach, ní nach ionadh go bhfuil lorg an Bhéarla ag dul i bhfeidhm ar an teanga sa Ghaeltacht nuair atá sí sáite idir an dá mhórthír sin a luaigh mé. Ní mór dúinn na ceisteanna deacra a chur orainn féin agus ar na húdarais. An bhfuil muidinne ag déanamh go leor le cultúr an Bhéarla a shrianú? An leor Raidió na Gaeltachta amháin a bheith ann? An leor TG4? Agus an bhfuil na grúpaí sin ag déanamh a ndíchill i leith na Gaeltachta?

Cá mhéad duine anseo a éisteann le Raidió na Gaeltachta? Tá díoma ormsa a admháil nach n-éistim féin leis. Cén fáth? Níl clár ar bith dírithe ar ár leithéid. Níl suim dá laghad ag an mhórchuid den aos óg ar na cláracha atá ar Raidió na Gaeltachta ná ar TG4, seachas an spórt Dé Domhnaigh ar ndóigh.

Is ábhar imní seo dúinn ar fad, a Ghaela. Tá an Ghaeilge i mbaol an bháis le linn tréimhse iontach dainséarach ag teangacha ar fud an domhain. Dúirt Máirtín Ó Cadháin gurb í an Ghaeilge athghabháil na hÉireann agus gurb í athghabháil na hÉireann slánú na Gaeilge. Níl fadhb ar bith agam le cultúr eile a bhlaiseadh agus taithí a fháil ar an éagsulacht. Ach, nuair atá an cultúr sin ag dul i bhfeidhm ar ár gcultúr féin, caithfidh muid a bheith neamhthrócaireach. Ní mór dúinn go léir pilleadh ar an dúchas. An dúchas a ndearna na Gaill scrios air. An teanga a díbríodh ón saol laethúil. An spórt a raibh cosc air. An cultúr i gcoitinne a bhí faoi chois ag na Sasanaigh leis na cianta.

Cad é atá in ann do chultúr na nGael? An cultúr is ársa san Eoraip. Fúinn féin ar fad atá sé. Tá sé de dhualgas orainn uilig spreagadh a thabhairt dár gcairde, dár dteaghlaigh, don phobal. Má thréigtear cultúr na hÉireann, imeoidh sé go deo, BÁITE GO BÁS SA BHÉARLA!!!!