Wholeschool Portal | Home 23 June 2017

Líofa

Óráid Chónaill

Tábhacht na Féiniúlachta

A Chathaoirligh, a mholtóirí, a lucht feachána agus a chairde Ghaeil.

Cad is féiniúlacht ann? Seo ceist atá dár gcrá leis na cianta fada – bhuel, chomh fada siar le teacht na Sasanach cibé ar bith. An é go mbaineann sé leis an teanga a labhraíonn tú? Nó leis an bhrat a bhíonn in airde agat? Leis an tír ina gcónaíonn tú? Níl mise iomlán cinnte ach is cinnte go bhfuil muintir na Sé Chontae in amhras faoin fhéiniúlacht s’acu. Mar shampla, sa daonáireamh dheireanach, dúirt 29% de mhuintir na Sé Chontae gur ‘Northern Irish’ an náisiúntacht a bhí acu. Ní amháin sin, ach táthar ag déanamh gur Caitlicigh a thugann vóta do na páirtithe Náisiúnaithe iad an chuid is mó acu. Seo daoine a thugann vóta do Sinn Féin agus don SDLP, páirtithe atá i bhfách le hÉire Aontaithe, ach atá sásta a rá nach Éireannaigh iad. An bhfuil mearbhaill oraibh go fóill? Mar ní thig liomsa bun ná barr a dhéanamh de seo.

Ní mór dúinn an cheist a chur. Cén fáth a bhfuil an t-amhras seo ar mhuintir na Sé Chontae? Níl seo ag tarlú de thaisme. Is cuid lárnach den choilíniú é seo. Má amharcann muid ar thíortha eile ina raibh na Sasanaigh ar fud na cruinne, cuireadh na polasaithe céanna i bhfeidhm. Polasaithe a rinne iarracht cultúr, teanga, traidisiún agus féiniúlacht a scrios. An iontas ar bith é mar sin, go bhfuil na rudaí céanna ag tarlú anseo?

Ní féidir liom éisteacht leis an raidió níos mó nó ní chluinim ach Norn Irons Number 1 Radio Station, Norn Iron seo agus Norn Iron sin. Sna hollmhargaidh, feicim ‘Northern Irish Beef’. Dia ár sábháil. An bhfuil daoine den bharúil anois go bhfuil difear idir ba Chontae Ard Mhacha agus ba Chontae Lú? An bhfuil pas Éireannach ag ba an Deiscirt agus pas Briotanach ag ba an Tuaiscirt. Amaidí amach is amach!! Cuireann sé samhnas orm!

Ach an iontas ar bith é nach bhfuil daoine cinnte faoin fhéiniúlacht s’acu? D’inis mo mhúinteoir scéal dúinn i mbliana faoi bhuachaill óg a cuireadh faoi ghlas i gcró na gcearc. D’fhás sé aníos leis na cearca agus d’iompaigh sé ar nósanna na gcearc. Nuair a ligeadh saor é, ní raibh de shiúl aige ach dóigh na gcearc agus ní raibh de chaint aige ach gocarsach na gcearc. Bhí sé beagnach dall ón easpa solais a bhí sa chró. Chuir mo mhúinteoir an cheist seo ar an rang ansin. An cearc a bhí sa ghasúr seo? An raibh sé ina chearc nuair a bhí sé sa chró agus nuair a ligeadh saor é? Meafar a bhí ann fá choinne stair na Sé Chontae. Ní nach ionadh go bhfuil muid in amhras faoin fhéiniúlacht nuair a bhrúitear féiniúlacht éigin eile orainn. Tá muidinne uilig sa tseomra seo ag teacht fríd churaclam na Sé Chontae, mar sin de glacann daoine leis an nós sin. Anois agus muid ag teacht ar ais trasna “na teorainn” [nach bhfuil ann], tá comharthaí ann a rá Fáilte go dtí Tuaisceart Éireann, i mBéarla ar ndóigh. Baineadh arm na Breataine ar shiúl ón teorainn agus tá an chuma ar an scéal go bhfuil rud eile de dhíth le cur in iúl dúinn gur bhfuil muid ag dul chuig “tír eile”. Agus cad é faoin ghealt sin Rory Mac Ilroy? É a rá go n-imreodh sé galf leis an Bhreatain agus ansin ag athrú a intinne. Tá mé cinnte de nach bhfuil a fhios aige gur Ruairí Mac Giolla Rua an fíorainm atá air!!

Lena chois sin, bhí ceist ar scrúdpháipéar AS Irish ar na mallaibh agus bhí orainn príomhchathair na Sé Chontae a scríobh. Dhiúltaigh mise an cheist a fhreagairt. Ní aithním an Stát seo. Ní aontaím leis an Stát seo. Is Éireannach mé. Agus is í Éire mo thír. Nuair a athaontaítear an tír, agus athaontófar an tír, beidh rialtas na tíre i mBaile Átha Cliath, mar ba chóir.

Caithfidh muid dul in éadán na nósanna seo a chairde. Ni thuigeann daoine go bhfuil coilíniú go fóill ag dul ar aghaidh anseo. Má ghlacann muid leis an chóras ina bhfuil muid, is lú seans go mbeidh ár dtír athaontaithe. Agus muid ag dul i dtreo chomóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca 1916, ní mór dúinn a bheith ionraic linn féin. An bhfuil muid sásta go bhfuil na Sé Chontae faoi riail Shasana go fóill. An ceantar ba Ghaelaí sa tír roimh bhriseadh na nGael ag Cionn tSáile in 1601 agus é anois i lámha na Sasanach. Tosaíonn an troid sin ionainn féin. Inár n-intinn. Má tá muid Gaelach agus Éireannach ansin, is deacra a bhéas sé do na Sasanaigh dul i bhfeidhm orainn. Diúltaímis don chóras. Seasaimis in éadán an slad atá a dhéanamh ar ár dtír agus ár gcultúr. Bíodh misneach againn.