Wholeschool Portal | Home 18 August 2017

Líofa

Gaeltacht, Grian agus Greann do dhaltaí Choláiste Feirste

Year 8 and Year 10 students attended 3 day Gaeltacht visits to Machaire Rabhartaigh this June.  The students had a wonderful time and were inspired by their visit.  For some of them it was the first time that they were in a Gaeltacht area and it provided them with the opportunity to hear Irish being spoken in a natural and fluent way- I’m sure a lot of them will be back.  Year 8 student Conor Torbóid described his visit.

 

Ar an dara lá déag de mhí Meithimh chuaigh lucht na chéad bhliana go dtí an Ghaelacht. Machaire Rabhartaigh a bhí ann. Bhí craic mhaith againn ar an bhealach ar an bhus. Stop muid leath bhealaigh i Leitir Ceanainn. Bhí McDonald’s againn agus cheannaigh cúpla duine rudaí ón tsiopa. Bhí rudaí ar faíl cosúil le brat na hÉireann, cluaisíní agus rudaí beaga eile mar sin leis an Chraobh Eorpach ar siúl.Nuair a bhain muid an Choláiste amach chuir Cathal muid inár dtithe. Bhí deichniúr i dteach s’agamsa. Bhí bean an tí iontach deas agus cinéalta linn. Bhí madadh againn freisin. An oíche sin bhí siúlóid ar an trá againn. Bhí spórt agus spraoi againn leis na múinteoirí. Ina dhiaidh sin bhí ‘tráth na gceist’ againn, bhí Rian ag cumadh ceisteanna greanmhara agus sa deireadh thiar thall bhí an bua ag grúpa Pheadair.An lá ina dhiaidh sin bhí ranganna againn. Bhí ranganna spóirt, damhsa, canadh agus cluichí ann. I ndiaidh na ranganna, bhí an chéad lón blasta ollmhór againn agus leis na boilg líonta chuaigh muid ag dreapadh ar Cnoc na Naomh. Tá cúpla nach ndeachaigh in airde ar an rud ar fad! Mar sin de, chaill siad an dá scéal suimiúil a bhí ag Peadar faoin chnoc agus an sliabhraon.

"Bhain muid an-sult agus tairbhe as an seal a chaith muid i Machaire Rabhtaigh. Tá sé ar intinn agam filleadh gan mhoill." (Conor Torbóid 8C)