Wholeschool Portal | Home 18 August 2017

Líofa

Buaiteoirí Chorn Mhic Pháil

Few of us who were there will forget the incredible atmosphere on a cold, damp night when silhouetted under DUB lights, our Year 12 footballers recorded a fantastic victory in the Faul Cup. After a hard fought game, our team were crowned champions of Ulster, adding to the Ulster and National titles in the school’s trophy cabinet. Team manager, Pádraig Mac Cathail, was immensely proud of his young team and is preparing for future senior Ulster wins for our boys.

Dé hAoine 29 Deireadh Fómhair, cuireadh le stair spóirt Choláiste Feirste nuair a d’éirigh le himreoirí peile d’fhoireann Bhliain 12 Corn Mhic Pháil a bhaint faoi na spotsoilse i bpáirceanna imeartha de chuid Ollscoil na Banríona. Is ionann seo agus craobh eile Uladh le cur leis na craobhacha eile Cúige a bhain an scoil amach ina stair ghairid. Ghlac Pádraig Mac Cathail, Ceann Bliana Bhlian 12, seilbh ar an fhoireann ó thús na bliana agus d’aithin sé láithreach go raibh slua breá d’imreoirí agus de dhaoine óga faoina stiúir. Nuair a tháinig leo an cluiche ceannais a bhaint amach, d’éirigh muintir na scoile an-tógtha go dtiocfadh linn Craobh Uladh a ghlacadh go Bóthar na bhFál arís eile. Bhain Coláiste Feirste an corn sin roimhe seo cúpla bliain ó shin, le foireann a bhain éachtaí den chéad scoth amach sna blianta ina dhiaidh i gCorn Uí Nualláin.



Naomh Iósaef Iúr Cinn Trá a bhí inár n-éadán sa chluiche ceannais. Thiocfadh a rá go raibh imní bheag ar lucht tacaíochta Choláiste Feirste nuair a chuala siad go raibh buanna furasta ag Scoil Naomh Iósaef sna cluichí eile. Bhí Scoil Naomh Iósaef mar rogha na coitiantachta roimh thús an chluiche, dá dheasca. Thosaigh na Feirstigh go maith, ach ní raibh mórán idir an dá fhoireann go luath sa chluiche. Cluiche an-ghearr a bhí ann sa chéad leath agus ag leath-am an chluiche, ní raibh ach cuilín sa difear ag Coláiste Feirste. Chuir Naomh Iosaef tús iontach leis an dara leath nuair a caitheamh an liathróid isteach agus bhí an chuma ar an scéal go mbeadh an lámh in uachtar acu ag pointe áirithe. Throid na Feirstigh go dian dícheallach, áfach, agus níor lig siad do Scoil Naomh Iósaef barraíocht a scóráil. Tá moladh thar na bearta tuillte ag cosántóirí Choláiste Feirste a d’imir mar laochra na himeartha, gan trácht ar Sheán Mac Múralain a d’imir beagnach iomlán an cluiche le heasnacha briste aige. Agus druidim an chluiche ag teacht go gasta, bhí imní ar thacadóirí Choláiste Feirste go raibh sé rómhall leis an bhua a aimsiú. Sna deich mbomaite dheireanacha, scóráil Coláiste Feirste ceithre chuilín gan freagra ar bith. I measc na gcúilíní sin, scóráil Niall Ó Raghallaigh scoth an scóir ó 45 slat, rud a chuir na Feirstigh pointe amháin chun tosaigh. D’imigh an liathróid ó bhun go barr na páirce ar luas an-tapúil go dtí séideadh fheadóg an reiteora rud a d’fhág Coláiste Feirste mar bhuaiteoirí Chorn Mhic Pháil. Coláiste Feirste 1:06 – 1:05 Scoil Naomh Iósaef



Cluiche corraitheach cóngarach a bhí ann ó thús go deireadh. Dúirt Pádraig Mac Cathail, an Bainisteoir Foirne: “Tá mé thar a bheith bródúil as an ghrúpa buachaillí seo. Shíl mé ag pointe áirithe sa dara leath nach mbeadh an bua againn, ach níor stad an fhoireann de bheith ag troid ar son an bhua, agus bhain siad amach é! Dúirt mé leo roimh an chluiche go raibh an iarracht níos tábhachtaí ná mar a bhí an bua. Rinne na himreoirí go léir a seacht ndícheall le linn an chluiche, agus bhain muid dá thairbhe. Ba mhaith liom buíochas a dhéanamh le Caoimhín Groves, Diarmaid Ua Bruadair, Séamus Ó Tuama agus Pádraig Mag Riabhaigh a thacaigh go mór leis an fhoireann le cúpla mí anuas. Tá buíochas ar leith tuillte ag na himreoirí uilig fosta. Comhghairdeas ó chroí libh!”


Físeáin den oíche ar fáil anseo!