Wholeschool Portal | Home 18 August 2017

Líofa

Laochra óga i gConamara!

On Friday 12th of April, two buses full of young Gaels from the Gaeltacht Quarter and Coláiste Feirste set off for Conamara Gaeltacht in Galway, to take part in the annual 7-aside football competition,  Ógchomórtas Peile na Gaeltachta. It was the sixth consecutive year that young players from Coláiste Feirste in cooperation with Laochra Loch Lao have competed in the competition and the second year that a ladies team was fielded. Wearing their Laochra jerseys with pride, both teams put on a brave performance, and carried themselves throughout the competition as worthy ambassadors for the Gaels of Loch Lao. Unfortunately, victory was beyond our reach this year, but with a burgeoning squad and blossoming team spirit, it is certain that the Laochra will return next year to challenge for honours.

Bhuail dhá mhionbhus lán le Gaeil óga an bóthar, Dé hAoine 12/04/13, chun aghaidh a thabhairt ar iarthar na tíre, Gaeltacht na Gaillimhe. Ní turas de chuid Choláiste Feirste a bhí ann, ach foireann peile na Ceathrún Gaeltachta, Laochra Loch Lao. Ar bharr dhaltaí Choláiste Feirste, tháinig scoláirí Naomh Doiminic agus Scoil Mhuire go Conamara le páirt a ghlacadh in Ógchomórtas Peile na Gaeltachta. Is é seo an séú bliain de bhuachaillí Laochra Loch Lao a bheith mar chuid den chomórtas náisiúnta peile agus an dara bliain de chailíní na Ceathrún Gaeltachta a bheith mar pháirt de.

Is beag Laochra nach raibh tuirseach traochta nuair a baineadh Conamara amach. Tugadh súil ar na leapacha agus na cluichí ar an lá dár gceann ar a n-intinn. Cé go bhfuil iomaíocht i gceist in Ógchomórtas Peile na Gaeltachta, is cinnte gurb í an Ghaeilge agus chan an imirt an rud is tábhachtaí ar fhód imeartha na Gaeltachta. Tugann an comórtas seo deis iontach do dhéagóirí na Gaeltachta a bheith ag tógáil agus ag cothú caidreamh le déagóirí ó cheantair Ghaeltachta eile.

Bhí mionathrú ann i mbliana sa dóigh is nach raibh Spórtlann Mhichael Mhóir i Leitir Mór in úsáid do na babhtaí ceannais, ach níor chuir sin isteach ná amach ar bhuachaillí agus cailíní Laochra Loch Lao. Don darna bliain i ndiaidh a chéile, lonnaíodh na Laochra ar Pháirc Mhícheál Breathnach in Indreabhán. Chaill na cailíní go trom anuraidh, ach ní sin mar a bhí i mbliana; scéal go hiomlán difriúil a bhí ann, rud a léiríonn neart díograise ó bhainisteoirí agus imreoirí na foirne. Bhain na cailíní a gcéad chluiche; rud a chiallaigh gurbh é sin an chéad chluiche a bhain cailíní na Laochra i gComórtas Peile na Gaeltachta riamh, idir óg agus shinsir.

B’éigean do na buachaillí a bheith réidh díreach i ndiaidh do chluiche na gcailíní a chríochnú. Bhí cluiche i gcoinne na mBreathnach, óstaigh an chomórtais, i ndán dóibh. D’éirigh go geal leis na leaideanna le dhá bhliain anuas agus is mór an dea-atmaisféar a bhí san aer, Dé Sathairn 13/04/13. Ar séideadh na feadóige, rith Pádraig Mag Riabhaigh (captaen na foirne agus é ag glacadh páirte ina chomórtas deireanach) chuig an réiteoir go sciobtha. Lá mór a bhí ann do Phádraig, i ndiaidh dó ceithre bliana i ndiaidh a chéile a chaitheamh i gConamara leis na Laochra. Ar an drochuair, níor éirigh leis agus na Laochra óga an cluiche a bhaint, áfach. Cé nár éirigh leo an cluiche a bhaint, bhí bainisteoirí na foirne thar a bheith sásta leis an dea-iarracht agus an chrógacht a léiríodh i gcaitheamh an chluiche. Luadh misneach agus iarracht na Laochra ar Raidió na Gaeltachta, agus tugadh ardmholadh do Phádraig mar laoch na himeartha cé nár éirigh le muintir Loch Lao an bua a bhaint amach.

Cé nár bhain ceachtar foireann na babhtaí ceannais amach, bhí láidreachtaí ar leith le sonrú sa dá fhoireann. Chaill na cailíní an dá chluiche i ndiaidh an bhua iontaigh s’acu sa chéad chluiche. Cé nár tháinig leo, bhí na cluichí an-cóngarach agus chaill siad le cúilín amháin sa dá chluiche dheireanacha s'acu. Foireann an-óg a bhí inti, a bheas ar ais ar an bhliain seo chugainn agus is cinnte go mbeidh siad ag cur ríbhrú leis an chomórtas a bhuachan. Ina theannta sin, ní raibh an oiread sin taithí ag foireann na mbuachaillí ó thaobh na peile gaelaí de, ach is cinnte gur féidir tógáil ar an mhisneach a taispeánadh agus iad ar an pháirc peile. Tá bainisteoirí, ceannairí agus imreoirí Laochra Loch Lao ag dúil go mór leis an bhliain seo chugainn cheana féin.

Cé go raibh turas den chéad scoth againn go léir, bhí an t-ádh dearg orainn gur bhain muid an comórtas amach. Beartaíodh nach raibh an dara rogha ann ach gan dul go Conamara i mbliana, de bhrí cúrsaí airgid. Ag an bhomaite deireanach, áfach, tugadh urraíocht dúinn ó White Mountain Quarries agus bhí muid in ann dul mar gheall air sin. Is gá buíochas a ghabháil le gach uile dhuine a raibh páirt acu i reáchtáil an chomórtais - comhordaitheoirí, réiteoirí, agus mná tithe ina measc. Caithfear buíochas ar leith a ghabháil go háirithe le Laochra óga Loch Lao, áfach. D’imir siad go croíúil agus an Ghaeilge a húsáid acu i rith an ama, tá muid an-bhródúil ar fad asaibh agus ag dúil go mór le bhur gcuideachta ar scoth an turais eile amach anseo, go Conamara!

 

Brúigh anseo agus ar Lacohra Loch Lao 2013 le níos mó grianghraf a fháil!