Wholeschool Portal | Home 23 June 2017

Líofa

Language, Resistance and Revival le Feargal Mac Ionnrachtaigh

Coláiste Feirste greatly anticipated last week’s launch of esteemed past pupil Fergal Mac Ionnrachtaigh’s first book Language, Resistance and Revival, but could not have foreseen the overwhelming attendance and support for Fergal’s subsequent book signing and stirring speech.  The school hall was full to capacity and an engaged audience revelled in an address from Fergal, Jake Jackson and internationally renowned Phil Scraton who has written the forward to Fergal’s book. Feargal’s book is available to buy on Amazon at £20 or from Feargal at a reduced price of £15. All proceeds are going to Taca.

Bhailigh breá-scata Gael i Halla Mór Choláiste Feirste Déardaoin 18/04/13, chun leabhar iardhalta an choláiste, Feargal Mac Ionnrachtaigh, a sheoladh. Is iomaí a bhíonn deacrachtaí cathaoireacha a líonadh agus údair ag seoladh a leabhair, ach ní sin mar a bhí cúrsaí ar oíche speisialta an Ionnrachtaigh; nuair a chruinnigh breis is 400 duine sa halla agus an laithreán lainseála dubh le daoine.  Thiocfadh a áiteamh go raibh sceitimíní ina bholg aige ach ní thabharfá air é bheith neirbhíseach agus é ag smaoineamh gur tháinig leis, éacht den chineál sin a bhaint amach. Thosaigh sé amach ar a aistear suaithinseach, nuair a chinn a thuismitheoirí go gcuirfeadh siad ar Naíscoil Bhreandáin, Bunscoil Phobal Feirste agus ansin ar Mheánscoil Feirste é. Mar chuid den aistear sin, bhain sé céim na dochtúireachta amach in Ollscoil na Banríona sa bhliain 2009 i ndiaidh dó roinnt mhaith taighde a dhéanamh ar stair na Gaeilge. Bunaíodh a thráchtas dochtúireachta ar an taighde sin, ach go háirithe ar Phríosúnaigh Phoblachtacha agus Athbheochan na Gaeilge sna sé chontae; tá an leabhar, Language, Resistance and Revival dírithe air seo.

Cé go bhfuil an leabhar bunaithe ar an Ghaeilge; is gá a aithint nach leabhar teanga amháin é, dar leis an údar. Tugann Feargal léirmhíniú ar stair na teanga s’againne ó bhí Ionradh na nAngla-Normannach go dtí an lá inniu ann. Sa chéad phíosa den leabhar is féidir a léamh faoi fhulaingt na Gaeilge de bhrí an choilíneachais agus na nua-chineálacha coilíneachais atá beo bríomhar sa tsochaí go fóill. Mar aon leis sin, caithfear a aithint gur leabhar é atá dírithe ar ghnáthdhaoine, a n-éispéiris, agus an tionchar s’acu in athbheochan na Gaeilge in Éirinn. Chan amháin sin, ach is í príomhaidhm an leabhair, na heachtraí neamhársaithe faoi fhorbairtí suntasacha teangeolaíochta agus oideachais a thit amach sna príosúin a eachtraí. Insíonn an leabhar dúinn faoi scéalta agus íobairtí na ngníomhaithe teanga ar son na Gaeilge, laistigh agus lasmuigh den phríosún. Bunaítear an leabhar ar agallamh mar sin de, is as béal na ngnáthdhaoine a thagann an scéal seo.

Dhúisigh fear an tí, Ciarán Mac Giolla Bhein, an oíche agus chuir sé fearadh na fáilte roimh an slua mór agus an chéad aoi-chainteoir, Phil Scraton; a thug caint inspioráideach ar leabhar Fheargail agus an bhaint a bhí aige leis. Tá clú sa bhaile agus i gcéin ar Phil mar phríomhthaighdeoir ar Fhiosrúchán Thubaiste Hillsborough agus dlúthbhaint aige i scaoileadh na fírinne, ar na mallaibh. Ina dhiaidh sin, thug cara mór le Coláiste Feirste Jake Mac Siacais óráid den chéad scoth maidir lena eispéireas féin mar chime poblachtach. Labhair sé go glórmhar agus go bródúil agus é i mbun cainte. Ar bharr a bheith ina iar-chime, is gníomhaí teanga é Jake a bhfuil baint as cuimse aige i gcúrsaí le Forbairt Feirste, An Cheathrú Ghaeltachta, Coláiste Feirste agus thuilleadh eile. Bhí Jake agus a mhacasamhail ríthábhachtach i gcomhlíonadh shaothar Mhic Ionnrachtaigh, agus ní bheadh a leithéid de leabhar ann gan iad.

Dúirt Máire Mhic Dhomhnaill agus Ciarán Ó Fearraigh, Rithim an Ama, (dán ealaíonta éachtach de chuid Bobby Sands) le ceol á bhualadh sa chúlra ag an ionstraimí iomráiteach, Barry Kerr. Is mór an paisean a léirigh Máire agus í ag rá an dáin go hainmhianach. Is léir go ndeachaigh an dán go mór i bhfeidhm ar Chiarán, iar-chime Poblachtach, fosta agus chan sé é go tochtmhar ach go hálainn.  Tar éis seo, tháinig príomhchainteoir na hoíche agus údar an leabhair chun cainte lena bhuíochas a dhéanamh le hiomlán an tseomra as ucht a gcuid tacaíochta i gcaitheamh na mblianta. Ba bheag bos nár bualadh i ndiaidh do Fheargal sliocht as an leabhar a léamh don lucht éisteachta.

Ina theannta sin, chuir Niamh Nic Ionnrachtaigh, dalta de chuid Choláiste Feirste agus ionstraimí a mbeidh clú agus cáil uirthi sa todhchaí, deireadh leis an oíche agus í ag cleasaíocht ar an fheadóg mhór. Chum sí amhrán í féin dar teideal, Fear an tSléibhe; in ómós Terry, a daideo agus athair Fheargail, a d’imigh ar shlí na fírinne i mí na Samhna anuraidh. Deireadh idéalach ar scoth na hoíche agus Feargal chomh bródúil le cat a mbeadh póca air.

Ní raibh faill sosa ag an Ionnrachtach i ndiaidh an tseolta, áfach. B’éigean dó taisteal go dtí an t-aerphort go luath ar maidin chun cuairt a thabhairt ar Nua Eabhrac agus Bostún agus an leabhar á chur chun cinn aige thall ar an Oileán Mór. Creideann an t-údar go smior in ábhar an leabhair agus ba mhian leis scéal na hathbheochana a mhúnlú go hidirnáisiúnta, chomh maith lena spreagadh ar fud na hÉireann. Is cinnte go dtig le muintir na tíre s’againne cuid mhaith a fhoghlaim ón leabhar seo gan trácht ar dhaoine ar fud na cruinne. Is suntasach an tábhacht a bhaineann le hábhar an leabhair agus molann muid do chách an leabhar a cheannach agus a ionsú!

Ba mhaith le Fergal buíochas ó chroí a ghabháil le gach aon duine a tháinig chuig an lainseáil leabhair agus a chur le rath na hoíche i gColáiste Feirste, Déardaoin 18/04/13. Anuas air seo, ba mhaith leis buíochas ar leith a ghabháil le Ciarán Mac Giolla Bhein, Jake Mac Siacais, agus Phil Scraton as an leabhar a sheoladh ar a shon. Is féidir Language, Resistance and Revival: Republican Prisoners and the Irish
Language in the north of Ireland
a scríobhadh in ómós do Terry óg Mac Ionnrachtaigh, a cheannach ar Amazon (£20), nó é a fháil ó Fheargal ar phraghas níos saoire (£15). Rachaidh brabús an leabhair chun socair Thaca.

Comhghairdeas leat, a Fheargail! Go n-éirí an bóthar leat i Meiriceá agus ar an chuid eile den aistear s’agat!