Wholeschool Portal | Home 18 August 2017

Líofa

Aisling Ní Raghalaigh - An Lámh in Uachtar

It isn’t every day Coláiste Feirste can boast of having a world champion as one of its past pupils!  Aisling Ní Raghallaigh glowed throughout her afternoon visit to her old school this week, and inspired the next generation of sporting Gaels with her win in last week’s Women’s Singles World Championship.  Aisling beat her fellow Antrim and St.Paul’s teammate, Fiona Shannon, in an exciting final in Dublin’s Citywest Hotel.  Congratulations to senior teacher Séamus Ó Tuama, whose injury hindered a gold medal in the doubles competition.  Séamus was proud to wear his silver medal and host a question and answer session with GCSE and BTEC Sports Studies students, with his past-pupil, Aisling, by his side. 

Bhí buanna nach beag ag iardhalta agus múinteoir spóirt Choláiste Feirste ar na mallaibh, ag Craobhchomórtais Liathróid Láimhe an Domhain. Sa chomórtas céanna, ghlac dalta sinsearach na scoile, Jordan Ó Néill, páirt den chAisling nuair a bhain sí an Chraobh Dhomhandaéad uair. Cé nár bhain sé, ba eispéireas iontach é dó. Bhain Aisling Ní Raghallaigh, Craobhchomórtas na mBan agus d’éirigh le Séamus Ó Tuama bonn airgid a bhaint sna cluichí dúbailte in Óstán Citywest i mBaile Átha Cliath, i rith na seachtaine seo caite (16 & 18 Deireadh Fómhair). Ar an droch uair, gortaíodh gualainn Shéamuis go dona le linn an chluiche agus b’éigean dó a tharraingt amach. I gcluiche ceannais na mban, bhí beirt bhall de Naomh Pól, beirt chairde agus beirt Fheirsteach (Aisling Ní Raghallaigh agus Fiona Shannon) in iomaíocht lena chéile. D’éirigh le Fiona an chraobh dhomhanda a bhaint trí huaire roimhe seo.

Ní hé seo an chéad uair a d’imir Aisling agus Fiona i gcoinne a chéile. Sa bhliain 2009, chas siad ar a chéile sa chluiche céanna ceannais sna Stáit Aontaithe, cluiche inar bhuaigh Fiona. I mbliana, áfach, bhí Aisling muiníneach go mbeadh an bua aici mar gur bhuail sí, Fiona, dhá uair cheana féin ach ní raibh sí mar rogha na coitiantachta i measc fhormhór na ndaoine, roimh an chluiche. D’imir Aisling, sé chluiche i sé lá san iomlán le linn an chomórtais ach níor chuir sin bac leis an bhua s’aici. Thosaigh Fiona go geal agus bhain sí an chéad chluiche gan stró, 21-9. Síleadh sa lucht féachána go raibh bua gnáthaimh dul a bheith ann d’Fhiona. A mhalairt a bhí ann, áfach. Sa dara cluiche, throid Aisling go díograiseach gan mórán meancóg a dhéanamh agus bhain sí, 21-6. Bhí sceitimíní ar dhaoine Aisling Ní Raghallaigh lena bonn.sa lucht féachána, de thairbhe an chluiche chorraithigh spleodraigh. D’éirigh siad an-tógtha nuair a bhain Aisling an dara cluiche, chiallaigh sin go raibh cluiche réiteach ann leis an bhuaiteoir domhanda a aimsiú. Thosaigh Aisling ar luas níos tapúla ná Fiona, agus faoi dheireadh bhain sí an cluiche réiteach, 11-5. Nach brodúil a bhí Cathaoirleach Uladh, Aogán Ó Fearghail nuair a dúirt sé,

Gabhaim comhghairdeas ó chroí le hAisling Ní Raghallaigh a bhain Craobhchomórtas Liathróid Láimhe an Domhain i gcoinne a céile imeartha Naomh Pól, Fiona Shannon. Is léir dúinn go bhfuil bua na himeartha ag muintir Uladh má tá beirt bhan as Contae Aontroma i gcluiche ceannais an domhain. Tá muid ag dúil le fáilte mhór abhaile a chur roimpi agus a craobh dhomhanda”..

Tháinig Aisling ar cuairt chugainn ar an Luan 22 Deireadh Fómhair, cé go raibh sí ag eitilt go Meiriceá ar an lá dár gceann. Bhí faill ag daltaí an choláiste a ngrianghraf agus rud beag comhairle a fháil uaithi. Chuir sí comhairle den scoth ar ár ndaltaí spóirt maidir le haistí bia agus an cineál traenála a dhéanann sí. Tá séDaltaí agus Múinteoir Spóirt, Ciarán Mag Aoidh leis na buaiteorí Aisling Ní Raghallaigh agus Séamus Ó Tuama soiléir go bhfuil an liathróid láimhe ríthábhachtach i saol Aisling, ach bhí comhairle aici dár ndaltaí maidir le rud inteacht atá ar comhchéim leis an liathróid láimhe, an Ghaeilge:

“Tá an Ghaeilge mar ról lárnach i mo shaol go fóill. R ugadh agus tógadh mé ar Bhóthar Seoighe, trasna an bhóthair ó Bhunscoil Phobal Feirste. Tá sé iontach tábhachtach go mbíonn muid ag labhairt i nGaeilge i rith an ama. I ndiaidh an bhunscoil a fhágáil, d’fhreastail mé ar Choláiste Feirste agus bhain mé an-tairbhe as mo chuid ama ar an scoil. Bhí na múinteoirí an-chairdiúil agus bhí siad ina gcuidiú iontacha. Thug an scoil deiseanna dom cuid mhór gradam spóirt a bhaint amach agus chuaigh an scoil go mór i bhfeidhm orm,” arsa Aisling.

Thug sí cuairt ar an Ionad Tacaíochta freisin (áit nach raibh ann nuair a bhí Aisling ar an scoil) agus chuir comhordaitheoir an ionaid, Emer Mhic an Fhailí, fáilte Uí Cheallaigh roimpi. D’ullmhaigh daltaí 8A agus 9A ceisteanna suimiúla le cur ar Aisling. Chaith sí neart ama leis na daltaí san Daltaí san Ionad Tacaíochta le hAisling Ní Raghallaigh agus Emer Mhic an Fhailíionad ag plé leo fána saol spóirt agus an dóigh ar bhain sí barr a cluiche amach. Bhí suim shuntasach ag na daltaí i scéal Aisling agus ba shoiléir do chách go raibh na daltaí an-tógtha ar fad. Bhí comhairle iontach ag Aisling do na daltaí óga san Ionad.

“Nuair a thosaigh mé amach ag imirt liathróid láimhe, bhí sprioc agam craobh dhomhanda a bhaint. Tá sé sin déanta agam anois agus tá mé an-bhródúil as sin a bhaint amach. Cé go bhfuil m’aidhm bainte amach agam, ní stadfaidh mé de bheith ag déanamh mo sheacht ndícheall chun feabhas a chur ar na scileanna s’agam. Beidh an chéad chraobh dhomhanda eile i gceann trí bliana agus tá sé ar intinn agam sin a bhaint fosta. Tá sé an-tábhachtach go ndéanann sibh iarracht bhur spriocanna a bhaint amach sa saol. Ná ligigí do dhuine ar bith a rá libh nach dtig libh rud inteacht a dhéanamh.” a dúirt an Raghallach le daltaí an ionaid.

Is beag gradam spóirt nár bhain Aisling amach agus í ar Choláiste Feirste. Bhí buanna ar leith spóirt aice, iománaíocht, camógaíocht, peil agus lAisling ar bharr a cluiche sa chluiche ceannais.iathróid láimhe ina measc. Sa chéad dul síos, d’imir sí ar fhoireann na mbuachaillí ar feadh roinnt blianta. Ba mhinic a shíl scoileanna eile go mbeadh bua éasca san iomáint acu i gcoinne Choláiste Feirste, nuair a chonaic siad go raibh cailín ag imirt i lár na páirce. A ghlanmhalairt a bhí ann, áfach. Léirigh Aisling a scileanna ceannaireachta le linn na mblianta sin. Thóg sí craobh Uladh ar son fhoireann na mbuachaillí sa bhliain 2004. Lena chois sin, tháinig le hAisling Craobh Choláistí na hÉireann sa liathróid láimhe a bhaint sa bhliain 2006, an chéad duine sa scoil riamh le comórtas náisiúnta liathróid láimhe a bhaint.

Tá tradisiúin láidir liathróid láimhe sa scoil ó bhí an bhliain 2000 ann. Is léir go bhfuil sin ag feabhsú de réir a chéile, mar gur beartaíodh go mbeadh £250,000 ó SportNI agus £250,000 ó Chomairle na Cathrach le cúirteanna liathróid láimhe a thógáil. Chuir Aisling fearadh na fáilte roimh an phlean sin. Tá muid ag dúil go mór go dtiocfaidh níos mó ratha ar Choláiste Feirste sa liathróid láimhe sna blianta atá amach romhainn.

“Tá sé mar aidhm againn tógáil arAn triúr a ghlac páirt i gCraobhchomórtais Liathróid Láimhe an Dómhain an traidisiúin liathróid láimhe atá againn sa scoil ó anuraidh. Bhain Ciarán Ó Crothóir áit amach i gcluiche ceannais Liathróid Láimhe Sinsearach Uladh agus Jordan O Néill áit amach i gcluiche ceannais faoi 17 na hÉireann. Gan trácht ar na laethanta nuair a bhain Seán Mac Corraidh agus Gearóid Mac an Bheatha áit amach i gcluiche ceannais Choláistí na hÉireann i ndiaidh dóibh craobh Uladh a bhaint. Ar ndóighe, ba í Aisling Ní Raghallaigh a thug an chéad chraobh shinsearach uile Éireann don scoil ariamh nuair a bhain sí craobh chomórtais choláistí sinsir, Liathróid Láimhe na hÉireann i 2006.”, dar le Séamus Ó Tuama.

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le hAisling Ní Raghallaigh as an chuairt a thug sí ar an scoil. Lena chois sin, is gá comhghairdeas a ghabháil léi as an éacht stairiúil a bhain sí amach i gCraobhchomórtais Liathróid Láimhe an Domhain; tá muintir an choláiste bródúil asat. Guíonn muid gach rath ort fosta, sa chomórtas sna Stáit Aontaithe atá ag titim amach anois.    

Grianghraif de chuairt Aisling ar fáil anseo!