Wholeschool Portal | Home 26 June 2017

Líofa

Stair na nGaelscoileanna – Bliain 12

Year 12 Irish pupils have made a great start to the year with a presentation on the history of the Gaelscoileanna in the north.  This study was undertaken as part of their GCSE Gaeilge Controlled Assessment and while the work was important for their final exam grade the process proved enjoyable, inspirational and informative as well.

Ní minic a fheictear daltaí scoile ar scoil go fóill ar a ceathair a chlog sa lá, go háirithe i Mí Mheán an Fhómhair ach bhí iontas agus áthas ar mhuintir na scoile a fheiceáil go raibh seomraí ríomhaireachta Choláiste Feirste plódaithe le daltaí Bhliain 12 i rith na míosa seo. Chan amháin i ndiaidh am scoile ach bhí neart daltaí ar lorg ríomhaire ag am sosa agus am lóin chomh maith leis an chur i láthair Gaeilge s’acu a scríobh agus a chleachtadh. Ní gnáth cur i láthair a bhí i gceist. Bhí na múinteoirí Bunscoil Phobail Feirste i nGeimhreadh na Bliana 1971Gaeilge ag iarraidh ábhar speisialta a roghnú don chéad phíosa measúnú rialaithe i mbliana agus rinne siad sin nuair a  roghnaíodh ‘Stair na nGaelscoileanna sna Sé Chontae’ mar ábhar an chuir i láthair.

Bhí neart taighde ranga agus taighde neamhspleách le déanamh ag na daltaí ach thuig siad nár leor a bheith ina suí os comhair ríomhaire nó a bheith ag glacadh nótaí leis an eolas uilig a sholáthar. Ba bheag duine sa scoil nár fiafraíodh díobh fá stair na nGaelscoileanna le linn na míosa. Ar a bharr sin, socraíodh léachtaí fá stair na Gaeilge agus fá stair Ghaeltacht Bhóthar Seoighe agus Bhunscoil Phobal Feirste.  

Thug iardhalta an choláiste Fearghal Mac Ionnrachtaigh cuairt ar an scoil le caint inspioráideach a thabhairt fá stair na Gaeilge. Bhí sé ar intinn ag roinnt daltaí gur thosaigh an Ghaeilge le Bunscoil Phobal Feirste. Ghlac Fearghal iad ar thuras cúpla céad bliain ag plé agus ag glacadh ceisteanna fá mheath agus fá bhláth na Gaeilge sna tréimsí sin.

Tá an léacht bunaithe ar an Choilíneachas agus an Ghaeilge- amharcann sFeargal Mac Ionnrachtaigh i mbun cainteé go príomha ar stair na hÉireann agus na cúiseanna polaitiúla, cultúrtha agus soch-eacnamaíochta taobh thiar de mheath leanúnach na Gaeilge mar chomhthéacs don athbheochan chultúrtha sa tréimhse réabhlóideach ag tús an chéid seo caite. Críochnaíonn sé cúlra an stáit Oráistigh agus béim ar an athbheochan chomhaimseartha sna 6 chontae, go háirithe fán Ghaelscolaíocht. Tugann sé deis dúinn machnamh a dhéanamh ar an dóigh ar bhain muid an staid reatha amach agus plé a dhéanamh ar an dóigh is fearr chun todhchaí na teanga a chinntiú.”  Feargal Mac Ionnrachtaigh

D’éist siad le gach uile focal a bhí le rá ag Feargal agus bhreac siad neart nótaí úsáideacha síos. Ba shoiléir gur fhág na daltaí an léachtlann i bhfad níos eolaí agus iad iomlán spreagtha fán teanga agus fán chultúr. Chuala siad fá stair na Gaeilge agus rud beag fá stair na mbunscoileanna ach ar an tseachtain ina dhiaidh sin bhí an deis acu cluinstin fá eispéiris phearsanta Ghaeltacht Bhóthair Seoighe agus Bhunscoil Phobal Feirste nuair a thug múinteoirí na scoile Diarmaid Ua Bruadair agus Emer Mhic an Fhailí cur síos fán saol a chaith siad sa Ghaeltacht agus ar Bunscoil Phobal Feirste. Chuir an bheirt acu síos ar na laethanta deacra a bhí ann ag an tús ach fán dóigh ar tháinig rath agus bláth ar an Ghaeltacht agus ar an Bhunscoil. Cé gur fhoghlaim na daltaí cuid mhór, bhí deiseanna gáire acu chomh maith go háirithe nuair a chonaic siad seanghrianghraif dá múinteoirí ar scoil.

Páistí Bhóthair Seoighe - Diarmaid ua Bruadair 4ú Sraith ar chlé agus Emer Mhic an Fhailí 3ú Sraith sa lárPobal agus paróiste, teanga agus teaghlach:  Gnéithe d’fhís na Gaeltachta atá fuaite go smior ionam féin agus an chéad ghlúin de Ghaeil óga ar Bhóthar Seoighe.  Ní dóigh liom go bhfaigheann muintir Ghaeltacht agus Bhunscoil Phobal Feirste a sáith aitheantais as ucht a gcuid iarrachta.  Nach méanar dúinn gur shocraigh na díograiseoirí seo beart de réir a mbriathar a dhéanamh.  Tá súil agam go spreagann scéal agus spiorad Bhóthar Seoighe na daltaí s’againne ar Choláiste Feirste le beatha a thabhairt don Ghaeilge anois, agus sa todhchaí atá rompu.” Emer Mhic an Fhailí

Thug na daltaí an cur i láthair s’acu os comhair a ranganna, cé go raibh neart acu neirbhíseach is léir gur éirigh go geal le formhór na ndaltaí. Chuir Karen Ní Mhuirí (12B) síos ar a cur i láthair. “Bhain mé sult as an chur i láthair ar na mallaibh. Leis an fhírinne a dhéanamh thug an cur i láthair seo inspioráid dom Gaeilge a labhairt mar gur fhoghlaim mé neart rudaí fá stair na Gaeilge agus gur rud iontach speisialta í an Ghaeilge. Tuigim na híobairtí a rinneadh ar son na Gaeilge. Chuidigh na léachtaí go mór liom, bhí mé ag streachailt leis an scríbhneoireacht go dtí gur tugadh na léachtaí. Bhain mé an-sult as, bhí sé iontach suimiúil agus níor mhothaigh sé cosúil le hobair chúrsa.”

Is léir dúinn go bhfuil tús iontach agus gnóthach curtha ag Bliain 12, rinne an bhliainghrúpa iomlán a seacht ndícheall agus d’éirigh go geal le formhór na ndaltaí. Dá leanfadh díograis agus caighdeán na hoibre seo ar aghaidh, bheimis ag dúil leis an rath céanna a bhí ag bliain 12 anuraidh. Tús maith leath na hoibre. Maith sibh ar fad.