Wholeschool Portal | Home 23 June 2017

Líofa

Cuairteoirí agus Imeachtaí Speisialta sa Leabharlann

Pupils from Coláiste Feirste, St. Catherines College Armagh, St. Dominic’s High School , St Mary’s Christian Brothers Grammar, and Fort William Grammar met together last Thursday to take part in Coláiste Feirste’s Irish Language book club. Anna Heussaff’s newly publish book Hóng was discussed and Lantern Poems were written. The author chose a winning poem from each school.  Guest speakers Eileen Chan-Hu from the Chinese Welfare Association and Sha Wang from the Chinese Language School taught the pupils phrases in Mandarin and Cantonese and each had a chance to write in the Mandarin language. A winning poem will be translated into Mandarin. We would like to acknowledge the support of DENI Extended Schools and funding from Foras na Gaeilge for this event.

Bhain daltaí sult as caint an údair Anna Heussaff i gColáiste Feirste mar chuid den chlub leabhar Gaeilge, ‘Léigh Leabhair Labhair ar Leabhair!’ Phléigh daltaí ó Choláiste Feirste, Coláiste Caitríona, Coláiste Dhún Liam, Scoil Naomh Dominic agus Scoil Mhuire na mBráithre a leabhar nua foilsithe, Hóng. Bhain siad an-sult as na haoichainteoirí ón Chumann Leasa na Síneach agus Scoil Theanga na Síneach. Scríobh daltaí ‘Lantern Poem’ as Gaeilge agus bhain buaiteoir ó gach scoil dearbhán agus bhí spotduaiseanna le fáil ar an lá chomh maith. Déanfaidh na haoichainteoirí aistriúchán go Sínis ar ceann de na dánta. Buíochas le Foras na Gaeilge agus Scoil na sínte Choláiste Feirste

Bronnadh gradam inniu ar Hóng le Anna Heussaff ag na Children’s Books Ireland Awards:

Tá eachtraí, mistéir agus mór aicsean le fáil sa scéal bríomhar seo. Tá gluaiseacht agus fuinneamh maith sa scéal seo agus beidh daoine óga gafa ag scéal Evan, Síofra, agus Rio ó Bhaile an Chuain in Éirinn, a bhfuil dúil acu sa chluiche ríomhaireachta Hóng.  Foghlaimíonn muid ar an chéad leathanach go bhfuil a gcluiche suite i gcathair mhór i lár na Síne. As an tSín do Yin, ach tá eolas aige faoi mhísc a bheith ar cois in Éirinn - go deimhin, ar bhaile Evan féin.  An féidir leo stop a chur leis an ghnó baolach salach ina n-áit dhúchais?

Ar léitheoirí in aois 10-13 atá an leabhar dírithe.

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil lenár maoinitheoirí Foras na Gaeilge chomh maith le Scoileanna Sínte DENI as an tacaíocht chuí a thugann siad.