Wholeschool Portal | Home 23 June 2017

Líofa

Buaiteoirí i dTráthanna na gCeist

Coláiste Feirste triumphed with a double victory in the annual Gael Linn Quiz recently held in the Falls Leisure Centre. More importantly, our students got the opportunity to socialise with Belfast's burgeoning Cairde Gael from St. Dominics, Rathmore, St. Louises and Lagan College to name but a few. As well as winning the competition, all the students took part in a traditional céilí dance after lunch. We are very proud of our young winners and wish our sinsearaigh the same success during the senior competition in February.

Bhí bua dúbáilte ag Coláiste Feirste an mhí seo caite, nuair a d’fhreastail muid ar Thráth na gCeist bliantúil Ghael Linn i Sólann na bhFál. Ar an 9ú agus an 16ú lá de mhí Dheireadh Fómhair, rinne ár ndaltaí ó Bhliain 10 éacht a chiallaíonn gurb iadsan na daltaí meánscoile ba chliste i mBéal Feirste ó thaobh thráth na gceist de, ar a laghad.

Thosaigh an dá lá mar ba ghnáth, ag teacht le chéile sa scoil ar maidin agus ansin ag dul síos go Sólann na bhFál, iad ullmhaithe do thráth na gceist  thar a bheith crua ina raibh babhtaí ceisteanna ar ábhair éagsúla, ina measc Tír Eolas, Stair, Spórt, Ceol agus araile. I ndiaidh an imeachta, bhain na daltaí sult mór as an lón in éineacht le daltaí as na scoileanna eile, leithéidí An Rath Mhór, Naomh Labhaoise, Naomh Maolmhaodhóg, Naomh Genivieve, Naomh Dominic, Coláiste an Lagáin srl.  Thug sin an seans dóibh aithne a chur ar chainteoirí óga eile Gaeilge agus ar ndóigh, a scileanna sa Ghaeilge a chur in iúl. 

I ndiaidh an lóin, bhí céilí an-pléisiúrtha ar siúl agus d’ainneoin go raibh na daltaí rud beag cúthaileach i dtús báire ag dul amach ar an urlár, níorbh fhada go raibh gach uile dhuine ag bualadh cos leis an cheol iontach do Thonnaí Thoraí. Deis ar dóigh a bhí san ócáid seo do dhaltaí a gcuid Gaeilge a chleachtadh taobh amuigh de thimpeallacht na scoile agus fosta taithí a fháil, b’fhéidir den chéad uair, ar rincí céilí traidisiúnta.

Fógraíodh torthaí Thráth na gCeist i ndiaidh an chéilí. Bhí daltaí s’againne ár bís ag feitheamh leis na torthaí agus ní raibh fuaim le cluinstin sa tseomra. Nuair a fógraíodh go raibh an bhua ag Coláiste Feirste an dá lá, bhí ríméad an domhain ar na daltaí agus ar a gcuid múinteoirí faoi seach. Bronnadh plaiceanna galánta ar na foirne buachana as ucht a n-éachtaí agus déanann muid comhghairdeas ó chroí leo agus leis na daltaí go léir a bhí rannpháirteach. Tá an scoil iontach bródúil astu. Tá súil againn go ndéanfaidh na Sinsearaigh chomh maith céanna nuair a bheas a lá mór acusan i mí Feabhra!

Buaiteoirí:

10B                                                                         10C

Seán Ó Néill                                                            Áine Ní Cheallaigh

Sé Ó Maicín                                                            Conor Torbóid

Tiarnán Ó hArdagáin                                              Chloe Ní Dhónaill

Mícheál De Vearnún