Aidhmeanna agus eiteas na Scoile
Is í príomhaidhm
Choláiste Feirste an réimse is leithne iar-bhunoideachais trí mheán na Gaeilge
a sholáthar go dtí an caighdeán is airde.
Is aidhm linn oideachas a chur ar fáil a thabharfaidh dár gcuid daltaí
na scileanna sóisialta, intleachtúla agus teicniúla a chuideoidh leo bheith ina
ndaoine fásta iomlána agus geanúla. Cuirtear béim ar an scoil mar phobal. De bhrí go bhfuil an scoil s’againn beag,
cruthaítear inti atmaisféar cairdiúil geanúil a chuidíonn lenár gcuid daltaí
forbairt go hacadúil agus go sóisialta i dtimpeallacht thaitneamhach
spreagúil.
Tá an Ghaeilge
lárnach i sainmheon na scoile.
Spreagaimid ár gcuid daltaí le haithint gur oidhreacht bheo luachmhar
iad a dteanga agus a gcultúr as a dtig leo pléisiúr agus sásamh a bhaint; agus
cothaímid eolas, caoinfhulaingt agus meas iontu i leith thraidisiúin, dhearcadh
agus stíleanna beatha daoine eile.
Is scoil
ilchumais, ilchreidmheach, chomhoideachais í Coláiste Feirste agus, mar sin de,
cothaítear inti toilteanas don éagsúlacht agus tuiscint don athrú.
School Aims and ethos
The primary aim of Coláiste Feirste
is to provide post primary education through the medium of the Irish language
to the highest standard possible. We aim
to provide our pupils with the social, intellectual and technical skills which
will enable them to become fulfilled and caring adults. We aim to provide a
friendly and caring atmosphere where our pupils can grow academically and
socially in an enjoyable and stimulating environment.
The Irish language is central to
the ethos of the school. We encourage
our pupils to see their language and culture as a valuable and living
inheritance from which they can derive pleasure and satisfaction, while at the
same time making them aware, tolerant and appreciative of other traditions,
views and lifestyles.
We are a non-denominational, all-ability, co-educational school and as
such we encourage a willingness for diversity and an understanding of change.